Faoi Dheireadh Thiar

8.00

Stoc ar fáil

Product ID: 32085 ISBN: 9781905560264 Catagóirí: , , , Clib:

Oíche Nollag in áras na seandaoine. A scéal féin ag chuile dhuine atá ann: Taimín Chualáin, ag fanacht ar litir óna mhac san Astráil, nach bhfuil ag teacht; Coilmín an Bhreathnaigh, nach ndearna buille maitheasa ariamh ina shaol agus a d’ól gach a raibh aige; Sally, a bhfuil saol na bhfuíoll aici, cé gur ina cloigeannsa amháin atá sé; agus Meaig Loideáin, curtha isteach san ionad in ainneoin a tola. Agus ní taise don dream atá ag tabhairt aire dóibh é: Máirín, an matrún, nár phós ariamh, ar chúis áirithe; agus Jackie, cailín óg atá ag tosaí amach sa saol ach a bhfuil bambairne déanta ag an saol di. Faoi dheireadh thiar, tá dráma eile againn ó pheann dhrámaóir mór ár linne, a bhfuil an greann agus an ghruaim, an chumhacht agus an paisean ina orlaí thríd.

 

Meáchan250 g