Éadaoin

16.00

Stoc ar fáil

Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar sin ar fad fite in aon scéal amháin ag Diarmuid Johnson — na bearnaí líonta, agus feoil curtha ar na cnámha —ionas gur sean-eipic nua atá againn atá inchurtha le scéal Héilin na Traí, nó le scéal Tristan agus Íosóid. Bean de shliocht éanlaith an tsí í Éadaoin. Í seal i measc na neamhbhuan abhus, seal i measc na mbuan i mBrí Léith. Is í ba bhanchéile d’Eochaidh Rí na Teamhrach. Ach is do Mhidhir a thug sí grá a croí, do Mhidhir an tsí, Midhir Bhrí Léith, Midhir na háille agus na mbriathra meala. Ach cén t-iontas an t-ainm ‘Éadaoin’ uirthi? Bhí bean eile in éad léi: Fuamnach, an chéad bhanchéile a bhí ag Midhir. Fuamnach na draíochta, Fuamnach na gangaide: le trí bhuille dá slaitín caorthainn, rinne sí féileacán d’Éadaoin gur dhíbir thar teorainn agus thar toinn í go ceann cian aimsire. Uaigneas na mban is ábhar don scéal seo. Uaigneas mná a fágadh gan cheachtar den bheirt a bhí luaite léi, céile ná leannán. Agus ós de shliocht na mbuan an bhean sin, is buan síoraí an t-uaigneas atá le fulaingt aici. Seanscéal faoi chulaith nua, seantéama comhaimseartha, scéal téagartha tragóideach faoi sheacht snaidhm na seirce

Meáchan 250 g