Dialann Mo Mháthar

12.00

Léigh sliocht as an leabhar

Stoc ar fáil

Ar Ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2018

 

Mídhílseacht phósta atá mar ábhar san úrscéal seo. Lánúin óg, Péarla is Sylvester. Ach gur trí shúile na hiníne, Éabha, a insítear an scéal, bunaithe ar dhialann de chuid a máthar a dtángthas uirthi i lota an tí. 

Bronnadh duais Oireachtais ar an saothar seo. 

 

“Scéal brónach é seo…Scéal frithrománsúil…Tá léargas cuimsitheach ann ar chaidreamh a thiteann as a chéile agus ar an saol sóisialta iomlán timpeall ar an mbean a scríobh an dialann…Tá caolchúis sa reacaireacht…Tá smacht ag an údar ar an teanga tríd síos…” – Moltóir an Oireachtais

“Tá an bunsmaoineamh an-bhunúil, an-tarraingteach, agus tugann sé scóp don tsamhlaíocht. Tá sé bunaithe ar thaithí dhaonna agus ar mhaireachtáil sa saol nua-aoiseach agus caitheann sé solas suntasach ar imeachtaí saoil agus ‘rites de passage’ áirithe de chuid an duine. Tá bá ar leith ag an údar leis an dúlra agus is breá liom an blas láidir lár tíre atá le sonrú tríd síos.” – Moltóir an Oireachtais. 

Meáchan 250 g

Ní go rómhinic a bhaineann úrscéal deoir asam. B’in a tharla, áfach, agus ‘Dialann Mo Mháthar’ le Pádraic Breathnach á léamh agam. Is fada ó chuaigh leabhar i bhfeidhm chomh mór sin orm ach chaoin mé uisce mo chinn agus mé meallta isteach i scéal agus i saol truachroíoch na gcarachtar. Na haon ionadh é gur bhain an t-úrscéal seo an chéád duais i gcomórtas úrscéalaíochta an Oireachtais, 2016.

Scéal brónach, corraitheach é ‘Dialann Mo Mháthar’ – ‘scéal frithrománsúil’ dar le duine de mholtóirí an Oireachtais. Dar liom féin, is scéal é a léiríonn tuiscint iontach ar chaidreamh pósta a chlis agus ar an tionchar a bhíonn ag an mbriseadh síos sin ar an gcuid den teaghlach atá fágtha.

Caidreamh pósta ag titim as a chéile de bharr mídhílseacht phósta, fear céile nach dtuigeann an focal ‘freagracht’ agus nach bhfuil in ann glacadh chuid dualgas mar athair, máthair ag iarraidh páistí a thógáil léi féin ar bheagán airgid (agus ar níos lú tacaíochta), iarfhear ceile agus a pháirtí nua ag iarraidh dul san iomaíocht léi agus bronntanais luachmhara á gceannach acu do na páistí.
Áine Ní Ghlinn, Comhar, Meán Fómhair, 2018.

Sliocht as alt le Máire Ní Neachtain, Comhar, Nollaig 2018:

Úrscéal é ‘Dialann Mo Mháthar’ (Cló Iar-Chonnacht) le Pádraic Breathnach gur deacair é a leagan uait ach a bhfainfidh deora asat agus a leanfaidh leat i do chuimhne go ceann scaithimh. Tagann Éabha, iníon Phéarla Caomhánach ar dhialann a máthar fiche bliain i ndiaidh a báis. Cuntas ar a saol le Sylvester Goldmid roimh, le linn agus tar éis a imeachta le bean eile atá ann. Cuirtear an scéal inár láthair tré ghuthanna agus shúile na máthar agus na hiníne agus spreagann an t-údar an-chomhbhá ionainn i leith na beirte. Scéal uaigneach, corraitheach faoi mhídhílseacht atá ann ina dtugtar an-léargas ar chaidreamh pósta a chlis agus ar an tionchar a bhíonn ag an mbriseadh sin ar an gcuid den teaghlach a bhíonn fágtha. Éiríonn le Pádraic carachtair inchreidte, leochaileacha, gortaithe, tuisceanacha Phéarla agus Éabha a chothú, pearsana a thugann deis dúinn eolas breise a chur ar an duine daonna.
Máire Ní Neachtain, Leabhar na Bliana 2018, Comhar, Nollaig 2018

Ní cuimhin liom mórán le Pádraic Breathnach a léamh go dtí seo. Corr scéal in iris is dócha. Ach mhol go leor daoine, a bhfuil meas agam ar a dtuairimí, an úrscéal seo.

Scéal cliseadh pósta, ó dhialann na mná. Ach sí a hioníon an reacaire, an dialann aimsithe aici blianta fada i ndiaidh bás a máthar.

Chuir cúrsaí ama mearbhall áirithe orm san léamh. Tá an ioníon fásta ag féachaint siar. Tarlaíonn an t-aicsean agus í in aois bunscoile, ach cé nach bhfuil dá√a luaite tá eachtraí luaite a léiríonn gur san am i láthair atá rudaí ag titim amach. Tagairt don reifreann comhionnanais pósta, abair.

Ós rud é go bhfuil siar is aniar san insint freisin, thóg sé tamall orm luí isteach leis an scéal.

Ach is insint chumhachtach brónach corraitheach atá ann. Grá agus dóchas á iompú ina brón fearg agus fuath.

Léargas Péarla amháin a thugtar. A meon sise. Thug Áine Ní Ghlinn ardmholadh don láimhseáil ar an ngné seo ina léirmheas ar Plé Scéal ar RnaG.

Insint dhrámatúil ó suirí, drúis, aontíos i Londain, pósadh, breith páistí. Nodanna thall is abhus go raibh síol achrainn sa chaidreamh – na nodanna níos soiléire ag amharc siar di. Marbhghin. Breitheanna deacra. Easpa cúnamh leis na leanaí. Uaireanta aite oibre.

Ansin a fhaoistín bean eile a bheith aige. Chun teacht roimh scéal ó fhacthas léi é.

Bréaga. Cíor thuathail. Cogadh teaghlaigh. Brú. Dlíodóirí. Brón, fearg, faoiseamh.

Ní léitheoireacht a thabharfadh pléisiúr an éalaithe dhuit an leabhar seo.

Ach léitheoireacht fiúntach. Ábhar machnaimh. Léargas.

Máistreach insinte ag an údar. Foclóir éifeachtach. rún agam breis leis a léamh, iad a fháil tríd an leabharlann mar a fuair mé an leabhar seo.
Léirmheas le Aonghus Ó hAlmhain, óna bhlag ‘Smaointe Fánacha Aonghusa’, 18 Eanáir, 2019. aonghus.blogspot.com

Is fada Pádraic Breathnach i mbun pinn. Foilsíodh a chéad leabhar thiar ag tús na 1970í agus tá sé ag scríobh leis go cumasach ó shin. Scríobhann sé aistí don nuachtán seo go minic – amharc suas! – agus tá cleachtadh mór aige ar an ghearrscéal agus ar an úrscéal mar mheán cruthaitheach.

Is é Dialann Mo Mháthar (Cló Iar-Chonnacht, €12) an t-úrscéal is déanaí dá chuid agus ábhar comhaimseartha mar théama ann – mídhílseacht phósta.

Lánúin óg, Péarla agus Sylvester, is ábhar don scéal agus is trí shúile a n-iníne, Éabha, a insítear an scéal.

20 bliain i ndiaidh bhás a máthar a aimsíonn Éabha dialann dá cuid. As leathanaigh a saoil a fhásann an scéal.

Bhain an leabhar gradam liteartha Oireachtais: “Tá sé bunaithe ar thaithí dhaonna agus ar mhaireachtáil sa saol nua-aoiseach agus caitheann sé solas suntasach ar imeachtaí saoil agus rites de passage áirithe de chuid an duine.”

Is fíor don mhéid sin agus tá buanna an údair féin mar scéalaí ann lena chois sin:

“Tá mé ag iarraidh a dhul abhaile.”

“Seo é do bhaile anois.”

“Ba mhaith liom a dhul abhaile do Dheaide.”

“De réir a dialainne is é seo an comhrá beag a bhí ag mo mháthair, Péarla, liom is í do mo chur ag an leaba an chéad oíche againn sa teach nua; mé ag coisíocht roimpi go mánla faoi dhéin an staighre, mo chloigeann cromtha.”

Sin an tús. Fút atá sé, a léitheoir, aistear brónach Phéarla a rianú chun críche.
‘Úrscéal nua, Dialann mo Mháthar, le Pádraic Breathnach i gcló’, le Pól Ó Muirí, Irish Times, 26 Samhain, 2018.

Breathnach’s fourth novel is set, for the most part, in the Irish midlands. It tells the sad story of a youthful love and mixed marriage that sours when the romance disappears, as Péarla finds herself suffocating under the social strictures her husband and his mother impose on her. Personal disharmony is accompanied by religious frictions and differing expectations as Péarla discovers that Sylvester has been unfaithful to her. The reactions of her own family, Sylvester’s and the community in general add to the pressures she feels.

The story is told from the viewpoint of her first-born daughter Éabha, who discovers her mother’s diary twenty years after her death. We travel with her in uncovering the details of her mother’s life that she was unaware of as a child. Péarla’s early hopes and expectations, and how they were dashed. The reader learns with Éabha of her mother’s struggles to look after her three children on her own, faced by difficulties posed by her ex-husband, his mother and new partner, Nadine. Now an adult, Éabha has to face her girlhood feelings about her mother and father as she is confronted by the long-hidden truth. This is a book about mistreatment, misunderstanding and heartbreak within a family and a community. This powerful examination of a woman and a family in crisis won first prize in the Oireachtas na Gaeilge Literary Awards and was shortlisted for Gradam Uí Shúilleabháin.
Leabhair idir lámha, Léirmheas le Cathal Póirtéir, Books Ireland, Bealtaine/Meitheamh 2019