Deoraíocht – Úrscéal ar an aimsir seo atá i láthair

20.00

Deoraíocht – Úrscéal ar an aimsir seo atá i láthair

Deirtear gurb é Pádraic Ó Conaire athair na scríbhneoireachta chomhaimseartha i nGaeilge. Ba é Deoraíocht, a foilsíodh den chéad uair i 1915, an chéad mór-úrscéal comhaimseartha i nGaeilge agus bhí sé mar shlat tomhais ag go leor de na scríbhneoirí a tháinig i ndiaidh Ó Conaire sa bhfichiú haois.  Suite i Londain ag tús na fichiú haoise, is scéal cumhachtach é agus é inste go bríomhar, láidir. Cuirtear na carachtairí i láthair go daonna, gonta agus insíonn sé scéal na ndaoine a bhí ar deoraíocht agus tugann sé léargas ar an gcineál saoil a bhí acu.

Ó d’imigh an t-úrscéal Deoraíocht as cló sna 1920idí ní raibh an leabhar iomlán ar fáil do léitheoirí.  Cuireadh eagrán amach tar éis a bháis agus cinsireacht déanta air.  Den chéad uair le céad bliain, tá Deoraíocht ar fáil gan cháim gan chinsireacht san eagrán nua seo.

 

Formáid Clúdach bog

Seánra Úrscéal

Foilsitheoir Coiscéim

ISBN 6660012240036

 

 

 

Meáchan310 g
Toisí14.6 × 21 cm

Seans gur spéis leat...