Margadh!

Deargadaoil i mBád fó Thoinn

6.00

Stoc ar fáil

An é seo an chéad úrscéal campais i nGaeilge? É breactha ag údar a chaith bunáite dhá scór bliain ag obair mar léachtóir i gcoláiste tríú leibhéal.

Is leabhar fuinniúil, gaisciúil é seo a mbainfidh cuid mhór daoine sult as. Meafar é an teideal do shaol conspóideach na hollscoile, an fhírinne shuimiúil seachas aoir. Ach cá bhfuil an chumadóireacht agus cá bhfuil an fhírinne?

Sampla cumasach den úrscéal campais, a thugann fogha fés na boic mhóra atá i gceannas ar na hinstitiúidí acadúla fé láthair, fén struchtúr comhachta atá i bhfeidhm agus fén gcleachtas áiféiseach atá á bhrú ar an aos léinn.

Leabhar an-taitneamhach, scríofa ag an té a thuig córas áirithe agus ar féidir leis bunús an chórais áirithe sin a mhíniú i mbealach greannmhar agus mealltach.

-Moltóirí an Oireachtais

Léigh sliocht as an leabhar

Meáchan 250 g

Údar eile a bhfuil go leor foilsithe aige agus a phobal léitheoireachta féin aige is ea Pádraic Breathnach. Agus a shaol caite aige ina léachtóir, ní hionadh gur úrscéal campais atá aige an turas seo. Tá Aodh, an príomhcharachtair, ina shinsear i seomra na foirne, i mbun mic léinn is ag stiúrú i seomra na foirne, i mbun mic léinn is ag stiúrú cleachtadh múinteoireachta, agus cuimhní is bóithríní smaointe ag brú isteach ar a aigne dá réir. Cé go ndeirtear nach aoir é, saol leamh a léirítear san acadamh, agus é faoi scáil na leasuithe atá á gcur i bhfeidhm ar ár n-institiúidí tríú léibhéal.
BOOKS IRELAND, November 2012