Cuairteoir

Ná freagair an doras, mura bhfuil a fhios agat cé atá ann… Úrscéal den scoth. (Aois 9+)

10.00

Stoc ar fáil

Tagann cuairteoir chuig an doras lá. Tagann sé isteach sa teach. Cuireann sé faoi. Leanann a chairde é. Glacann siad seilbh. Ar an teach. Ar shaol. Ar shamhlaíocht. Ar mheabhair. Glacann siad seilbh ar chomharsanacht. Ar chathair. Ar an saol. Cé hiad féin? Coimhthígh a fhreagraíonn don choimhthíos uirbeach ionainn féin. Miotas uirbeach é seo, radharc ó thaobh an halla den bhosca poist. Fágann sé ár mbéal ar leathadh. Seachain. Ná bíodh sé ar leathadh rófhada, nó preabfaidh cuairteoirí isteach. Gan cuireadh. Gan iarraidh. Agus ná freagair an doras, mura bhfuil a fhios agat cé atá ann! (Aois 9 )

Meáchan 100 g
Léaráidí le

Olivia Golden

Leathanaigh

70

Foilsithe

2004

Bríd Ní Dhonnchú, Timire an Chroí Naofa, Fómhar 2005

Ón gcéad leathanach den scéal seo tá an léitheoir gafa agus ar bís!. Léítheoir in ard-rang i nGaelscoil nó in idirbhliain sa ghnáthscoil atá i gceist ag an údar. Ní chuirfeadh an teideal ‘Cuairteoir’ sceoin ar dhuine i ngnáthchúrsaí léitheoireachta, ach fan go dtosaíonn tú ag léamh. Titeann an eachtra amach i saol beirt déagóirí. Gnátheachtra, cnag ar an doras, a chuireann teaghlach agus teach bun os cionn ar fad. Cuairteoir sa teach mícheart? Gaeilge a thabharfaidh dúshlán, b’fhéidir, do lucht na hidirbhliana ach a leanfaidh leo ag léamh chun deireadh an scéil a aimsiú. Scéal a spreagfaidh an tsamhlaíocht. Cérbh é an cuairteoir seo a bhí ar tí saol Aisling agus Sheáin a chur ó smacht? Níl le déanamh ach an scéal a léamh tú féin, agus b’fhéidir go bhfuil ceacht ann do gach duine dúinn.

Seans gur spéis leat...