Níor léigh mé a leithéid de scríbhneoireacht in aon áit ná in aon teanga roimhe seo – fuil, marú, foréigean agus barbarthacht i gcoitinne – thar barr!
– Moltóirí Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta
Scéalta faoin gcogaíocht sna meáin chumarsáide, foréigean, uafás agus dorchadas. Scéalta eile ag plé le gnéithe den seansaol trí shúile gasúr, soineantacht, fimíneacht, meath.
Foilsíodh an chéad ghearrscéal le Daithí Ó Muirí in Lá i 1993. Foilsíodh a chéad chnuasach gearrscéalta, Seacht Lá na nDíleann, i 1998 agus a dhara cnuasach, Uaigheanna agus Scéalta Eile, i 2002. Is as Contae Mhuineacháin é ó dhúchas agus tá sé lonnaithe in Indreabhán i gConamara.
Bronnadh duais aitheantais Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht 2001 ar Cogaí. Údarás na Gaeltachta a rinne urraíocht ar an ngradam sin.
.