Ceann Fhaoladh

7.50

Stoc ar fáil

Úrscéal le gluais – Clúdach bog

Saighdiúir agus scoláire ab ea Ceann Fhaoladh a bhí beo sa seachtú aois.  Bhí clú agus cáil air mar ollamh agus mar rí i mBaile an Easa, áit a raibh dún aige, idir Gort an Choirce agus an Fál Carrach.  Chuir sé tús le litríocht na Gaeilge nuair a scríobh sé an chéad leabhar sa teanga riamh.  Chuir sé gramadach na Gaeilge le chéile, nuair nach raibh gramadach aon teanga ar fáil ach an Ghréigis is an Laidin.  Ba eisean ba chúis le príomhtheanga an léinn in Éirinn a athrú ón Laidin go dtí an Ghaeilge.  Ba ghaiscíoch cogaidh é freisin, a throid go cróga i gCath Mhaigh Rátha agus comhraic fhuilteacha eile na haimsire sin.  Tá an t-úrséal seo bunaithe ar a chuid scríbhinní féin, cuntais air i lámhscríbhinní, is leabhair, agus scéalta a insítear faoi ina cheantar féin.  Cuirtear síos go beo bríomhar ar éachtaí Cheann Fhaoladh ar pháirc an chatha agus i gcúrsaí léinn.  Cuirimid aithne ann ar dhuine de laocha móra na nGael.

Foisitheoir Coiscéim    |    ISBN 6660012210237    |    Leathanaigh 111

 

Meáchan 180 g
Toisí 14.8 × 21 × 1 cm