Bhí an file Pádraig Mac Suibhne (An Suibhneach Meann) mar oide ag Donncha i gCúil Aodha ach is le prós a chuaigh sé tar éis dó freastal ar cheardlann sa ghearrscéalaíocht faoi stiúir Dhónaill Uí Chorcora, a bhfuil an leabhar seo tiomnaithe dó. Níl ach an t-aon leabhar gearrscéalta againn uaidh (i gcomhar lena dheirfiúr) ach is mionchlasaiceach é: ‘Deireadh aimsir na faicseanaíochta ab ea é. Bhí dlí mall fuar na cúirte ag teacht in ionad dlí fiáin teasaí an bhuailteáin . . .’