Praghas Díolta na Nollag!

Buille Marfach

6.00

Stoc ar fáil

Bean sínte ar bhóithrín uaigneach istoíche. Faoi scáth shléibhte Bhéarra ar chósta an iardheiscirt, tá Aoife Nic Dhiarmada agus a grúpa cuairteoirí trí chéile.

An trathnóna dar gcionn, déantar ionsaí as an nua; ni fada eile go bhfaightear corpán. Sceon, fuadar nuachta agus ceisteanna iomadúla ag na Gardaí. An raibh lámh ag duine de mhuintir na háite sa dúnmharú? Nó cé acu de na cuairteoirí atá ag ceilt na fírinne? Agus cén tábhacht leis na rúndiamhra- cuid acu atá fíorghránna- a nochtar diaidh ar ndiaidh?

Ar chúis an-phearsanta atá a cuid freagraí féin á lorg ag Aoife – agus éiríonn idir í agus an Garda Réamonn Seoighe, atá ar a mhíle dícheall a chumas bleachtaireachta a chruthú. Ach ní hiad siúd amháin a théann i gcontúirt a mbáis agus an tóir ag druidim chun buaice.