Sladmhargadh!

Brídín

3.80

Stoc ar fáil

Ón réamhrá…

 

In 1845 bhí os cionn ocht milliún duine in Éirinn. Bhíodar beo bocht gan aon deis airgead a shaothrú ná a chur le chéile mar bhí sé go snaidhm an rópa acu na hainchíosa a choinneáil íoctha. Fataí an ghnáthbheatha a bhí acu. Bhí orthu an t-arbhar agus na beithígh a chur sa gcíos. An bhliain chéanna bhuail an smál na fataí agus lobhadar sa talamh. D’fhág sin na daoine gan tada le hithe cé go raibh an tír lán le harbhar ach ba anonn go Sasana a bhí sé seo dhá chur agus cead an diabhail a bheith ag na daoine bochta. Ní raibh acu ach a mbealach a dhéanamh go dtí Teach na mBocht. Aon duine a raibh luach an bhealaigh aige d’imigh sé go Meiriceá. Achar gearr ina dhiaidh seo cuireadh ‘longa cónra’ ar fáil le níos mó daoine a thabhairt anonn. Ní raibh na báid seo déanta le haghaidh paisinéirí. Báid lastais a bhí iontu agus ní ba túisce ná a bheidís ag dul siar folamh líonadh le daoine iad. Ballasta a bhí iontu. Pacáileadh síos faoi dheic iad agus dúnadh na comhlaí orthu. Ifreann ceart a bhí anseo mar bhí easpa aeir, séarachais, beatha agus uisce orthu. I ngeall air seo cailleadh na céadta de bharr fiabhrais agus cheal aeir. Caitheadh na coirp i bhfarraige. 

Seo scéal duine acu…cailín beag a tháinig slán. Báthadh an chuid eile… 365 ar fad. 

Meáchan 250 g