Margadh!

Beirt Bhan Mhisniúla

6.00

Stoc ar fáil

Pádraic Ó Conaire, mórúdar de chuid nualitríocht na Gaeilge, agus beirt de na mná i mbeatha an Chonairigh (Caitlín Ní Aodha is Mary Morrison) na príomhphearsana san úrscéal seo. Saothar é Beirt Bhan Mhisniúla a ghluaiseann ó Mheiriceá Thuaidh go Londain go Baile Átha Cliath go Meiriceá siar arís sna blianta 1913-1928.

Blaisimid de shaol na nÉireannach is na Gaeilge sna blianta roimh 1916 i Londain, áit ar chuir Caitlín Ní Aodha, Ceanadach, aithne ar an Chonaireach, go ndearnadh leannáin díobh agus gur chreid Caitlín go bpósfaidís … gur nocht an fhírinne shearbh gurbh fhealltóir é an Conaireach a raibh ceangal na gcúig gcaol air.

In úrscéal ina dtarraingítear ar théamaí móra i scríbhinní Uí Chonaire féin, an grá agus an feall, is ar chrann Mary Morrison a thiteann sé teacht i gcabhair ar an té a loic ar a cara, Caitlín, is le fáil amach an bhfuil buille sa bhéim fós sa Chonaireach mar fhear is mar scríbhneoir …

Bhain Beirt Bhan Mhisniúla an duais d’Úrscéal – Ficsean Liteartha, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge, i gcomórtais liteartha an Oireachtais 2010

Léigh sliocht as an leabhar

 

Meáchan 250 g

Sliocht as léirmheas. Foilsíodh an léirmheas iomlán san iris Comhar.

Tosaíonn Beirt Bhan Mhisniúla, an ceathrú húrscéal ó pheann Phádraig Uí Shiadhail, agus duine de bheirt bhan an teidil, an Gael-Mheirceánach óg Mary Morrison, ag déanamh a bealaigh suas chun a hoifige, atá lonnaithe ar an 53ú urlár in Áras Woolworth, ceann de na chéad túir spéire a tógadh i gcathair Nua-Eabhrac. Agus sracfhéachaint á tabhairt ag Mary ar cheannlínte an nuachtáin atá ceannaithe aici thíos ar an tsráid, faigheann an léitheoir spléachadh ar shaol na linne: tá imní ar dhaoine faoi líon na dúnmharuithe sa chathair agus faoi dhoirteadh fola sa Ghearmáin, áit a bhfuil an Marascal Von Hindenburg díreach tofa ina uachtarán.

Ar an mbealach nádúrtha seo (is mó an spéis atá ag Mary sa toitín agus sa chupán caife a bheidh aici a luaithe is a bheidh a hoifig baint amach aici ná mar atá aici i gceannlínte an nuachtáin) éiríonn le Pádraig Ó Siadhail a thabhairt siar go 1925.

Úrscéal stairiúil é Beirt Bhan Mhisniúla atá suite i dtréimhse chorraitheach a thosaíonn díreach roimh an gCéad Chogadh Domhanda agus a chríochnaíonn go gairid roimh thobchliseadh Wall Street, tréimhse a bhfuil Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na gCarad ina lár. Feicimid gnéithe de na heachtraí sin ar fad agus muid ag luasacadh sall is anall idir Meiriceá Thuaidh, Londain Shasana agus Éirinn.

Úrscéal uaillmhianach atá sa saothar seo, leis. Carachtar ficseanúil í Mary Morrison, ach tá Beirt Bhan Mhisniúla lán pearsan arbh ann dóibh san fhíorshaol tráth, an príomhcharachtar (agus ‘bean mhisniúil’ eile an teidil) Caitlíon Ní Aodha ina measc. Go deimhin, féachann Beirt Bhan Mhisniúla leis an gcaidreamh speisialta a bhí (má bhí) idir Caitlín Ní hAodha, gníomhaí polaitiúil a rugadh i gCeanada ach a chaith a saol ag obair ar son shaoirse na hÉireann, agus duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge, Pádraig Ó Conaire, a iniúchadh.

‘Iniúchadh’ an focal ceart. Aturnae í Mary Morrisson a aitríonn mar dhualgas pearsanta é an caidreamh a bhí idir a cara Caitlín Ní Aodha agus an Conaireach a scrúdú, le gur féidir léi ‘breith’ a thabhairt air agus gníomhú dá réir. Tráthúil go leor, tá Mary ag streachailt le cuid de na ceisteanna céanna – ceisteanna creidimh, ceisteanna polaitiúla, ceisteanna grá, ceisteanna a bhaineann le cearta na mban – agus na cinn a tháinig idir Caitlín Ní hAodha agus codladh na hoíche.

Tá an chaoi a bhfeidhmíonn saol Mary mar scáthan ar shaol Chaitlín agus an bealach eile timpeall ar cheann de na gnéithe is cumhachtaí agus is éifeachtaí san úrscéal seo. Mar shampla, cé nach bhfuil idir an bheirt bhan ó thaobh aoise de ach glúin go leith ar a mhéad, tá blianta fada eatarthu ó thaobh cúrsaí collaíochta. Téann Caitlín i muinín ‘bealaí eile’ a bhionn ag bean chun fear – Pádraig Ó Conaire, sa chás eo – a shásamh (bealaí a thuigeann an léitheoir, nach gcuireann maighdeanas na mná i mbaol), ach tá Mary breá sásta triail a bhaint as coiscíní an ghiolla ardaitheora.
Laochra na hathbheochana ina steillebheatha
Nuair a thosaíonn an t-úrscéal Beirt Bhan Mhisniúla ag bailiú nirt is deacair éa leagadh uait, a scríobhann Alex Hijmans, Comhar 2012