Ar Nós an Pháiste

10.00

Stoc ar fáil

Bhí Ar Nós an Pháiste ar ghearrliosta Leabhar na Bliana, Gradam Uí Shúilleabháin 2012.

Tá Músaem Van Gogh in Amstardam ar cheann de na gailearaithe is cáiliúla ar domhan. Tugann na céadta cuairt air gach lá. Ina measc, an lá seo, tá Stiofán Ó hAnluain, a bhfuil an galar Alzheimer’s air agus atá tar éis éalú as teach altranais in Éirinn. Sa ngailearaí uachtair téann Stiofán suas ar uchtbhalla atá trí stór os cionn na talún agus chuile chuma air go bhfuil sé chun lámh a chur ina bhás féin agus léim a chaitheamh síos. Tá súile chuile dhuine sa músaem air. Tá glaonna á gcur ar a chlann in Éirinn. Agus tá Stiofán idir dhá chomhairle. Nó trí…

Meáchan 100 g

Mar is dual do Phádraig Standún, úrscéal so-léite atá anseo. Stíl éasca, sheolta, ábhar is cás le go leor daoine ar na saolta seo agus é le haithint gur scríbhneoir a bhfuil a cheird saothraithe go maith aige. Aon eachtra chorraitheach amháin atá sa scéal – Stiofán Ó hAnluain a bheith éalaithe as an tigh altranais go hAmstardam mar a dhreapann sé uchtbhalla ar an tríú hurlár i Músaem Van Gogh agus an crutha ar an scéal go léimfidh sé. Tá galar Alzheimer air agus tugtar léargas air sin agus ar an saol atá ag a mhuintir féin agus acu san atá i mbun an tí altranais.
BOOKS IRELAND, November 2012