Níl stoc ar fáil

Ar Luch agus ar Dhuine

16.00

Níl stoc ar fáil

 

Tá an leabhar seo as cló.

 

Eagrán álainn Gaeilge í seo den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Ghnóthaigh an t-aistriúchán seo gradam de Bhaldraithe ag Oireachtas na Gaeilge 2020. Beirt spailpíní iad George agus Lennie i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí’ é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre’.‘Níl a fhios cá mhéad fear a tháinig an bealach seo le mo linn agus an smaointiú amaideach céanna sin ina gceann agus a mbunal ar a ndroim. Na céadta acu. Fanann siad tamall agus imíonn siad arís; agus níl aon fhear acu nach bhfuil spleotán beag inteacht talaimh ar shiúl sa cheann dó. Agus dheamhan duine riamh acu ar éirigh leis an spleotán sin a fháil.’An coimheascar idir an dóchas agus an díomua, sin é príomhthéama Ar Luch agus ar Dhuine. Feicimid aisling á cumadh ach, faoi bhuaic an scéil agus an aisling sin á fíorú, titeann sí faoi mheáchan mór na cinniúna.

Meáchan 250 g