Anam na Teanga: Géarscagadh ar Ghlac Gearrscéalta

15.00

Stoc ar fáil

‘Is í an litríocht anam na teanga,’ a scríobh Seosamh Mac Grianna, agus sa leabhar seo tá dhá cheann déag de na gearrscéalta is anamúla agus is bíogúla dár scríobhadh sa Ghaeilge riamh.

Tá na mór-údair ann – Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais – agus údair nach bhfuil an aithne chéanna orthu, b’fhéidir – Peigí Rose, Fionntán de Brún, Annraoi Ó Liatháin.

Meascán den sean agus den nua, den traidisiún agus den nuálaíocht, den tallan, den chruthaitheacht agus den chumas atá sa chnuasach seo a chuirfidh iontas ar dhaoine, a spreagfaidh caint ina measc agus, b’fhéidir, a tharraingeoidh raic eatarthu.

Sa leabhar freisin tá cabhair ar fáil do na léitheoirí siúd nár mhiste leo faobhar a chur ar a scian chriticiúil leis na nótaí cuimsitheacha atá curtha i dtoll a chéile ag an bhfear eagair.

Gearrscéalta sa Leabhar:

  1. An Beo – Liam Ó Flaithearta
  2. Dúil – Liam Ó Flaithearta
  3. An Cumann – Peigí Rose
  4. Ná hInis Brionglóidí na hAoine don tSatharn Choíche – Peigí Rose
  5. Nóra Mharcais Bhig – Pádraic Ó Conaire
  6. Anam an Easpaig – Pádraic Ó Conaire
  7. An Gadaí – Páraig Mac Piarais
  8. Athair – Micheál Ó Conghaile
  9. Codladh an Mháistir – Seosamh Mac Grianna
  10. Mánus Ó Súileachán – Séamus Ó Grianna
  11. Na Déithe Bréige – Fiontán de Brún
  12. An Rud nach mBíonn Agam – Annraoi Ó Liatháin

Seán Mac Labhraí a chur in eagar.

Léigh sliocht as an leabhar

Meáchan 200 g