Drámaí gairide agus dréachtaí eile le Johnny Chóil Mhaidhc (1929-2006), drámaí a cumadh dá phobal féin: A fhir mhacánta gheanúil, ó casadh tú an bealach, An gceannófá asal uaim, beithíoch nach bhfuil daor? Níl locht air ná marach, níl sé bacach ná bradach, Ach is é scoth an asail chladaigh é, chomh maith is ’tá sa tír.