Sladmhargadh!

An Strainséir

5.00

[flipbook-popup id="an_strainséir"] Léigh sliocht as an leabhar[/flipbook-popup]

Stoc ar fáil

Ní mar a shíltear a bhítear agus sa nóibhille seo a phléann eachtra thubaisteach amach ó chósta thiar na hÉireann, is amhlaidh atá.

Tá draíocht ag baint leis an oileán a mheallann an strainséir, chuige. Tá sé ag súil le leigheas a aimsiú ann ar an scáil dhubh a leanann é. Ach is deacair sin a dhéanamh agus forsaí dorcha eile roimhe.

Daoine rúnda coimeádacha iad muintir an oileáin agus, cé go n-éiríonn leis réiteach le daoine áirithe, ní hé gach duine atá sásta go bhfuil sé ann.

Idir ráflaí is fírinne, grá is naimhdeas, déantar rún dorcha an oileáin a scaoileadh. Deirtear go mbíonn dhá insint ar gach scéal ach tá seacht n-insint ar an scéal seo agus a dearcadh féin ina leith ag gach carachtar. 

Meáchan 250 g