GEARRLIOSTA ‘LEABHAR NA BLIANA’ 2012: Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain – Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.