Is beag gearrscéalaí eile Gaeilge is fearr ná é le céad bliain anuas. – Gréagóir Ó Dúill, an tOireachtas
Scríbhneoir bisiúil nua-aimseartha traidisiúnta é Micheál ÓConghaile. – Alan Titley
Tá an cnuasach seo ar ardchaighdeán tríd síos: dea-scríofa soléite ar bhealach a mhúsclaíonn fiosracht an léitheora, is cuma an ag dul i dtreo an tsaoil réalaíoch a bhíonn sé ag dul … nó ag imeacht uaidh. – Seán Ó Cearúil, an tOireachtas
Aistear samhlaíochta atá sa saothar seo ó Mhicheál Ó Conghaile. Turas éirime atá ann a bhainfidh searradh as do chéadfaí agus a bhainfidh gáire asat scaití, beag beann ar theideal an chnuasaigh. Turas é atá dathannach agus dubh dorcha ar a sheal. Tabharfaidh sé ón stáisiún tréigthe traenach go dtí liombó na leathchoise thú; seolfaidh sé ó leaba chréúil na bhfocal adhlactha go barr talaimh i gConamara thú. Casfar canablaigh ort agus fir leathchoise; striapaigh na trócaire agus díoltóirí tí.
Cuireann an t-údar casadh súgánach i ngach scéal go bhfeictear snáth an duine leis an saol – agus lena chomhdhuine – ag dul in aimhréidh. Cloch ar chloch, leagann Micheál Ó Conghaile an claí teorann idir an réaltacht agus an draíocht ionas gur deacair ar deireadh iad a aithint óna chéile. Seoid líofa atá i ngach scéal agus cruthúnas arís eile atá sa chnuasach seo go bhfuil an fear stiúrach ina mháistir ar a cheird.
Unquestionably one of the very best short-story writers in the Irish language.
– Gréagóir Ó Dúill, An tOireachtas
Léigh sliocht as an leabhar