Is é atá anseo againn dánta as na cnuasaigh cháiliúla Margadh na Saoire, Codladh an Ghaiscígh, An Galar Dubhach maraon le dánta nua. Ní thráchtar ar bhanfhilí níos mó; is filí go léir anois iad ach thiar in aimsir an Dara Cogadh Domhanda níor líonmhar iad na mná Éireannacha a chuir peann le pár ná, go deimhin, a d’ardaigh a gcloigeann os cionn an uchtbhalla. Ach bhí coráiste ag baint le Máire Mhac an tSaoi riamh (mar is léir óna dírbheathaisnéis) agus a guth féin aici, guth mná, guth a fáisceadh as an traidisiún liteartha, guth Gaelach is é múnlaithe ag aigne idirnáisiúnta. An bhfuil dán níos ceolmhaire sa Nua-Ghaeilge ná ‘Deireadh Fómhair 1943’ nó dán níos paiseanta ná ‘Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin’? Leabhar riachtanach is ea é seo.