Níl stoc ar fáil

An Branar gan Cur

25.00

Níl stoc ar fáil

Úrscéal fileata machnamhach sáratmaisféarach é An Branar Gan Cur, cur síos ar Ultach óg agus aistear traenach á dhéanamh go Baile Átha Cliath aige: ‘Teachíní geala Bessbrook neadaithe i measc na ndroimníní, a bhfuil de chuma orthu clár glas na hÉireann a bheith á únfairt agus á iomlasc féin le teann spraoi. Tuairíní línéadaigh bearrtha go beacht, a bheadh i bhfad níos cuidsúlaí dá mba í grian an Mheithimh a bhí orthu in ionad leathghruaim thús an gheimhridh, solas atá ag teacht go maith le brící súicheacha na simnéithe monarchan ina gcolgsheasamh os a gcionn. Radharc taitnimh le súile an taistealaí a chluanadh chun sáimhe agus é ina chime sa seomra feithimh seo ag síorghluaiseacht chun deireadh aistir . . .’

Meáchan 250 g
Clúdach

bog