An Baile Beag Géimiúil – Amhráin na Trá Báine

Cnuasach amhrán as an Trá Bháin agus na scéalta agus stair a bhaineann leo, curtha in eagar ag Sinéad Ní Ráinne.

14.63

Stoc ar fáil

Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar an Trá Bháin, baile ar oileán Gharmna i gCeantar na nOileán, mar áit a bhfuil na trí ní nach féidir a fhoghlaim – fonn, féile agus filíocht – le fáil go fairsing ann. Ní gan údar a tugtar an baile beag géimiúil air. 

Faoi chlúdaigh an leabhair seo, agus ar an dlúthdhiosca atá ag dul leis, tá sé amhrán déag a cumadh ar an mbaile nó a bhfuil dlúthbhaint acu leis an mbaile. Tá cuid acu i mbéal an phobail le fada an lá, leithéid ‘Amhrán an Bháthadh’ (nó ‘Amhrán na Trá Báine’ mar atá aithne ag go leor air), ‘Ócam an Phríosúin’ agus ‘Pluid Dhorcha Leára”.  Tá cuid eile nach bhfuil an cur amach céanna orthu taobh amuigh den Trá Bháin féin, leithéid ‘Amhrán Tarpey’ agus ‘Bróga Khennedy’. Tá an greann agus an ghruaim ina n-orlaí tríd an gcnuasach seo, agus tá aiste chuimsitheach eolais ag dul le chuile amhrán maille le réamhrá a thugann a chúlra staire, cultúir agus eacnamaíoch. 

Sinéad Ní Ráinne

Is as an Trá Bháin Sinéad Ní Ráinne. Bhain sí céim BA amach i nGaeilge agus Eacnamaíocht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 1996. Tá céim MSc i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán aici ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo chomh maith le céim MLitt ó Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is aistritheoir gairmiúil í atá i mbun an chomhlachta teanga Europus ar an gCeathrú Rua. Tá sí pósta ag Cathal agus tá cónaí orthu sa Trá Bháin in éineacht le Ruadharc agus a n-iníon Kate.

Meáchan 300 g