An tríú heagrán agus an ceann deireanach i dtríológ Chaitríona Ní Mhurchú do pháistí. Sa gceann seo téann banlaoch óg na sraithe, Rósmáire, in adharca lena mór-námhaid, an draoi Formhórach Cailitín, i riocht buachalla bhig shoineanta i gcath fíochmhar.
Rugadh Caitríona i gCorcaigh agus tógadhi mBaile Átha Cliath í. Tar éis di céim sa stair a chríochnú i gColáiste na Tríonóide chuaigh Caitríona i mbun traenála i Scoil Aisteoireachta an Gaiety. Is é an léiriú is deireanaí a raibh sí le feiceáil ann ná The Party, gearrscéal le Anton Checkov a chóirigh sí don stáitse i gcomhar leis an stiúrthóir Sophie Motley do Anu Productions/Bewley’s Theatre agus Anatomy of a Seagull (ainmnithe don ‘Bhan Aisteoir is Fearr’ sa Fringe Festival agus an ‘Léiriú is Fearr’ ag Gradam Amharclannaíochta an Irish Times.)
Scríobhann sí do O’Brien Press, Cló Iar-Chonnacht agus Cló Mhaigh Eo. Ainmníodh a céad leabhar do pháistí, Ó Lúibíní Lú (an chéad leabhar i sraith Chailitín), do ghradam Glen Dimplex agus tá duaiseanna buaite aici i nGradam Liteartha an Oireachtais. Bíonn Caitríona ag scríobh, ag stiúradh agus ag glór-aisteoireacht ar chartúin do TG4 freisin.
Féach na teidil eile sa tsraith: Ó Lúibíní Lú agus Cailitín