Sanas

An bunchnuasach filíochta is téagartha agus is ilghnéithí ag an údar le tamall.

15.00

Stoc ar fáil

Bunchnuasach filíochta téagartha agus ilghnéitheach. Dhá chnuasach ar shlí é in aon cheann amháin, scátháin a chéile mar a thuigfí ó phalandróm an teidil. Dánta clasaiceacha máistriúla cuid díobh, agus saothair eile a shíneann a ngéaga go raidhsiúil agus go fairsing i mbun súgartha. Tá CD suaithinseach ag gabháil leis ar a bhfuil ceol le roinnt de na dánta. I bpáirt leis an amhránaí Iarla Ó Lionaird a rinneadh an taifeadadh.  

Meáchan 250 g
Leathanaigh

88

Foilsithe

2007

Seans gur spéis leat...