Féasta éisteachta! Cuirtear i láthair ar an taifeadadh seo cuid de na gearrscéalta is fuaimintiúla sa Nua-Ghaeilge, iad á léamh ag aisteoir iomráiteach a chuireann a shainchló gutha féin orthu. Baineann Niall Tóibín cor nua insinte as ocht scéal le Seán Mac Mathúna a thugann diminsean nua ar fad dóibh. Tá na scéalta seo go léir sa chnuasach Úlla. Clasaicí iad na scéalta cheana féin ar an leathanach clóite, agus is cinnte gur clasaic eile a bheidh sa taifeadadh seo. Na scéalta atá ar na dioscaí ná:
- ‘An Seamlas’
- ‘Leaca an Tí Mhóir’
- ‘Ding’
- ‘Gadaithe’
- ‘Tuatha Dé Danann’
- ‘Aos Ifrinn’
- ‘Sodar Breá Bog go Cluain Uí Eachaigh’
- ‘Na Quizmháistrí’
Íoslódáil réamhaiste le hEoghan Ó hAnluain: nialltoibin-reamhaiste.