Téigh go Ibiza ar feadh coicíse agus tá sé romhat amach: lá ar an trá gan náire; cosa go hascaillí; codladh gan dúiseacht ar an tsráid; priocadh na díchéille; an t-ál fáin; aistear an aithreachais; tobac agus ól ar an gcúlráid; tonnadh chun na síoraíochta; agus fiú amháin cá bhfios cé a chasfaí ort? Scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin. An chéad leabhar ficsin le Labhrás Ó Finneadha. ÍOSLÓDÁIL AN CLOSLEABHAR SAOR IN AISCE ANSEO THÍOS Nó tabhair cuairt ar an leathanach SoundCloud: https://soundcloud.com/cois-life-teoranta/sets/ibiotsa Cliceáil ar rian amháin agus feicfidh tú cnaipe beag in aice leis an gcnaipe ‘Share’. Bain úsáid as an gcnaipe seo chun gach rian a íoslódáil saor in aisce. Á léamh ag Labhrás Ó Finneadha ©2015 Labhrás Ó Finneadha Taifeadadh: Raven Productions Is le haghaidh úsáid phearsanta amháin atá an taifeadadh seo curtha ar fáil saor in aisce ag Cois Life. Is sárú cóipchirt aon chraolachán neamhúdaraithe, aon léiriú poiblí, aon chóipeáil, ataifeadadh nó teo-nascadh ar bith gan réamhchead an fhoilsitheora. Chun cead a iarraidh déantar teagmháil le eolas@coislife.ie. Tá mionchur síos ar shonraíocht an Cheadúnais Chomónta áirithe seo le fáil ag an nasc seo: http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/4.0/legalcode.
Íbíotsa (closleabhar saor in aisce)
Scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin á léamh ag an údar, Labhras Ó Finneadha.
€0.00
Stoc ar fáil