An chéad chnuasach téagartha de rogha dánta an fhile seo. Aistriúcháin go Béarla le Gabriel Rosenstock. CD ag gabháil leis de dhánta áirithe á léamh ag an bhfile. Roghnaithe i measc na ndeich leabhar Gaeilge is fearr ó thús na mílaoise ag an iris Comhar (Nollaig 2013) agus an mórchnuasach filíochta is fearr.
An fuíoll feá: Rogha dánta
An chéad chnuasach téagartha de rogha dánta an fhile seo. Aistriúcháin go Béarla le Gabriel Rosenstock. CD ag gabháil leis de dhánta áirithe á léamh ag an bhfile. A selection of the poet’s work with translations into English by Gabriel Rosenstock. Some poems read by author on accompanying CD. Bilingual publication.
€20.00
Stoc ar fáil
Meáchan | 250 g |
---|---|
Foilsithe | 2013 |
Leathanaigh | 600 |
Léaráidí le | Marie Foley |
Clúdach | bog, crua |
Books Ireland, Feabhra 2013
Leabhar tábhachtach é seo. Duine de mhór-scríbhneoirí na Gaeilge é Ó Muirthile, iriseoir, drámadóir, úrscéalaí agus, thar aon cheann acu, file. Bhí sé ar an mbuíon sin a thionscnaigh Innti , a shealbhaigh an Ghaeilge go luath ina saol agus a chuaigh i mbun a saothraithe go spleodrach, cruthaitheach i UCC dóibh. Bhí Rosenstock ar an mbuíon chéanna. Seo anois an bheirt acu i gcomhar, le saothar filíochta Uí Mhuirthile a chur i láthair go dátheangach. Cuimsíonn an cnuasach gairmré an fhile agus rianaíonn intleacht is anam a bhí macánta ón gcéad lá. Máistir ar an teanga agus ar fhoirmeacha a roghnú don ábhar é Ó Muirthile: pé acu burdún ceithre líne, lirirc, dán fada nó dán próis. Díol suime ann féin an cumas a léiríonn a leath-bhádóirí (is é sin Rosenstock don chuid is mó) meanma is tuin an fhile a thabhairt sna leaganacha Béarla. Tá réamhrá i nGaeilge le Caoimhín mac Giolla Léith agus nóta i mbBéarla ón bhfile féin tughta. Mar mhaise ar an saothar, tá CD le leath-chéad dán á léamh ag an bhfile is ná haistriúcháin á léamh ag Gabriel Rosenstock
Sleachta as léirmheas in The Sunday Independent 10 February 2013, le John-Paul McCarthy
In his essay on Irish swearing, the great Victorian chronicler of Gaelic Ireland, William Carleton, said “the Irish language actually flows with the milk and honey of love and friendship”. Liam O Muirthile’s latest collection of poems, An Fuioll Fea-Wood Cuttings (Cois Life), is very much in the humane Carleton tradition though.
Ó Muirthile’s Irish is the Irish of the city street, the factory floor and the urban tavern. His focus is on what Patrick Kavanagh once called “ordinary plenty”.
Unlike the titans of modern Irish poetry, whether O Riordain or O Direain, O Muirthile feels no palpable shudder when examining modern life. His intricate poems will appeal to all, but they must exert a certain special power over those of us who are products of Cork City.
Like Carleton again, O Muirthile found politics to be inescapable. He translates parts of Wolfe Tone’s diaries in a series of poems before tending to the Guildford Four.
The Firing Squad suggests some fundamental ambivalence about revolutionary aristocrats, especially the ones who plague people with their consciences in pubs.
The last poem of this collection then, Thuaidh (or North) draws these disparate threads together. The poet is commemorating an ancient IRA ambush, and proceedings are rather hijacked by an abrasive northerner. “‘Daoine boga sibhse theas,’ arsa cara. ‘Muidne thuaidh cruaidh.'” (You lot are soft down south, we’re hard in the north.)
Reworking Leopold Bloom’s famous claim in Ulysses that polemics are a poor second to love-making, O Muirthile quite agrees there is “unfinished business” here.
Safely at home, he fixes his pictures of Barrack Street and the curved Lee, turns to his beloved and says: “Tá gnó leis idir lámha anseo le criochnú fós, a chroí.” This is the Irish for a very old truth: what will survive of us is love.
Trácht ó Thadhg Mac Dhonnagáin, Aibreán 2013
Is mór an áilleacht é An Fuíoll Feá, Rogha Dánta Liam Uí Mhuirthile. Tá aistriúcháin Rosenstock thar barr agus tá an dearadh ar fheabhas.
Agallamh Léirmheasa in Southword Iúil 2013
Is féidir an t-agallamh a léamh ach cliceáil anseo.
Louis de Paor in Comhar, Nollaig 2013
Tá ord na ndánta bun os cionn leis an ord inar scríobhadh iad in An Fuíoll Feá agus cnuasach téagartha de dhánta nua i dtosach an leabhair a thaispeánann go bhfuil Liam Ó Muirthile fós ag forbairt mar fhile, ó thaobh ábhair agus ó thaobh cur chuige de. Go deimhin, tá cuid de na dánta is corraithi dá chuid i measc na ndánta nuascríofa sin, agus an marbhna fada dá mháthair ‘Meáchan’ ar cheann acu.
Tá cúrsaí préamhacha lárnach ó thosach deireadh a shaothair – préamhacha staire, teangan, agus tíreolaíochta – agus an nasc idir an duine agus a mhuintir á chuardach agus á dhaingniú aige. Cé gur do ‘náisiún na mbailte fearainn’ a thugann sé a phríomdhílseacht, tá teannas leanúnach idir an tuath agus an chathair sna dánta agus é ag iarraidh cló focal a aimsiú do shamhlaíocht mheasctha idir dhá theanga, dhá am, dhá áit – idir Cill Mhicíl agus Sráid na Beairice.
Is túisce ionraiceas ná áilleacht den gcuid is mó i bhfilíocht Uí Mhuirthile agus é ag iomrascáil lena mhothú stobarnálta féin nó le gnéithe contrártha den saol lasmuigh: bás cairde agus gaol, caidreamh teaghlaigh agus uaigneas i ndiaidh an alltair. Is é nádúr garbh grámhar an duine dhaonna is minicí a bhíonn á cheiliúradh sa saothar filíochta seo gur líon riachtanach léitheoireachta é d’éinne a bhfuil suim aici i litríocht na hÉireann le leathchéad bliain anuas.