Cloch na Gréine le Jacqueline de Brún, úrscéal do dhaoine óga. Bhain an t-úrscéal seo an chéad duais ag an Oireachtas sa mbliain 2009. Foilsithe ag Leabhar Breac.
Is aisteach an dream iad muintir Bhaile an Chnoic – dream nach maith leo aird, dream ar fearr leo páistí a bhíonn ciúin agus béasach, dream nach maith leo páistí fiosracha.
Thosaigh rudaí uafásacha ag titim amach ar an bhaile. Lasadh teach Mhicí Mhic Shuibhne. Thuirling beacha mistéireacha ar an scoil. Agus goideadh an chloch rúnda!
Ach ní as Baile an Chnoic d’Éimear, agus ní stofaidh sí féin agus a cara Seán go dtiocfaidh siad ar an fhírinne.
Jacqueline de Brún
As Béal Feirste do Jacqueline de Brún agus is é seo an dara húrscéal do léitheoirí óga léi. Is é Vince Reid a rinne na pictiúir sa leabhar.