Céard a Tharla idir Mamaí agus Daidí?

8.95

Stoc ar fáil

Pictúirleabhar ón tsraith Bímis ag caint faoi!    |    Clúdach bog

Uaireanta maireann Mamaí agus Daidí agus a gcuid páistí le chéile go sona sásta.  Ach ní i gcónaí.  Uaireanta, tagann athrú ar an saol.  Uaireanta bíonn Mamaí agus Daidí brónach.  Uaireanta, scarann siad.  Bíonn sé an-deacair ar pháistí an t-athrú mór sin ina saol a thuiscint.  Go minic, ceapann páistí gur orthu féin atá an locht.  Cabhraíonn an leabhar seo le páistí an brón agus an t-uaigneas a chur in iúl.  Cabhraíonn sé chomh maith le páistí nár scar a Mamaí agus a Daidí a bheith tuisceanach do pháistí eile a bhfuil an t-athrú mór sin tagtha ar a saol.

ISBN 9781906907006    |    Leathanaigh 31

Meáchan 180 g
Toisí 24 × 24 × .5 cm