Ag teacht go luath!
BÉAL NA PÉISTE le Fionntán de Brún, buaiteoir Úrscéal na Bliana i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2022.
Nuair a thuirlingíonn eitilt Réamainn Prút i mBéal Feirste in 1988, tá sé ag filleadh ar a bhaile dúchais ina strainséir. Cuireann sé sonrú sna fógraí móra a fheiceann sé d’uimhir fóin rúnda na bpéas, seirbhís lena dtig sceitheadh ar lucht sceimhlitheoireachta agus ualach a bhaint de do choinsias. Ach tá Réamann ag cuimhneamh ar a óige agus ar an deilín a bhíodh ag na seanmóirithe sráide tráth:
Come listen to my tale of Jonah and the whale; Way down in the middle of the ocean!
Cuimhníonn sé fosta ar oíche chinniúnach i mí na Nollag 1942. An oíche ar léim sé amach as eitleán Gearmánach ar chósta Chontae an Dúin go ndearna a bhealach go teach a thuismitheoirí tríd an dúdhorchadas. Cad é a bhí ar siúl aige sa Ghearmáin agus cad é a dhéanfadh sé anois agus an tóir anuas air, ar siad? Nuair a caitheadh Réamann Prút as béal na péiste sin in 1942 bhí aige le cosán cam a shiúl feasta ina gceisteofaí cuimhne agus dílseacht, ceart agus ciontacht – bealach aimhréidh idir Éire agus an Eoraip, ionsar bháire na fola in 1988.
Fionntán de Brún
Rugadh agus tógadh Fionntán de Brún i mBéal Feirste. Bhuaigh a chnuasach gearrscéalta, Litir ó mo Mháthair Altrama agus Scéalta Eile (Móinín 2005), duais Bhord na Leabhar Gaeilge ag Oireachtas 2004. Is é Béal na Péiste a chéad úrscéal, saothar ar bronnadh an chéad duais don úrscéalaíocht air ag Oireachtas 2022.