Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíochta ficsin eolaíochta seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á ceistú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, ag nochtadh mhíchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid.
Foilsitheoir Éabhlóid | ISBN 9781914482014 | Leathanaigh 189 | An chéad chló 2022