Úrscéal do dhéagóirí é An tEitleán Dofheicthe. An dara leabhar sa tsraith ‘Eachtraí Réics Carló’. Athchló ar úrscéal eachtraíochta clasaiceach le Cathal Ó Sándair. Eagrán nua atá cóirithe do léitheoirí óga an lae inniu.
- Eachtraíocht
- Scéal scioptha tarraingteach
- Cóirithe do léitheoirí an lae inniu
Tamall beag i ndiaidh meán oíche ar an 1 Feabhra 1943, déantar ionsaí fíochmhar, barbartha ar iompróir míleata agus é ar a bhealach go saotharlann rúnda i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Maraítear na saighdiúirí uile atá á thionlacan agus goidtear an lastas ríluachmhar atá istigh ann, an tEitleán Dofheicthe.
Déanann na Gardaí mionscrúdú ar láthair an áir, ach níl ach fear amháin a bheidh in ann an cás casta seo a réiteach agus pleananna na gcoirpeach a chur de dhroim seoil: Réics Carló, lorgaire príobháideach.
Tá Réics, Brian agus a gcairde ar ais sa scéal eachtrúil seo ó pheann Chathail Uí Shándair, an dara hurscéal ina shraith faoin lorgaire clúiteach as Baile Átha Cliath. Tá an t-eagrán nua seo curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu.
Athchló le An Gúm ag comóradh 100 bliain ó rugadh Cathal Ó Sándair.
“Táimid chun Éire a smachtú le cabhair an Eitleáin Dhofheicthe ó Thigh Mháire go Domhnach Daoi. Déanfaimid Banc na hÉireann, Dáil Éireann, Ardoifig an Phoist agus áiteanna eile a shéideadh san aer le pléasáin. Millfimid bealaí taistil na príomhchathrach. Stopfaimid an gléas rialtais go léir. Beidh an tír uile bunoscionn.’