Úrscéal grafach – clúdach bog
Tagann éad as cuimse ar an mbanríon, Méabh, nuair a theipeann uirthi a fear céile, Ailill, a shárú maidir le maoin agus saibhreas. Aige siúd atá an Fionnbheannach, tarbh nach bhfuil a leithéid le fáil in Éirinn. Nó an bhfuil? Seo insint úr bhríomhar ar an scéal is iomráití i dteanga na hÉireann, an Táin, nó Táin Bó Cuailgne mar is fearr aithne air. Am éigin roimh 1106 AD a scríobhadh síos i dtosach é i Leabhar na hUidhre, an lámhscríbhinn Gaeilge is ársa dá bhfuil ann, agus áirítear é ar cheann de mhórscéalta an domhain. Tá uaisleacht, crógacht agus tragóid an bhunscéil fite fuaite go healaíonta san úscéal grafach seo.
Foilsitheoir Cló Mhaigh Eo | ISBN 9781899922284 | Ealaín: The Cartoon Saloon | Líníocht Barry Reynolds | Leathanaigh 42