An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta
le Rónán Mac Con Iomaire
Ar fáil anois
Tugann An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta le chéile den chéad uair an scéal iomlán faoin nglúin radacach a sheas an fód ar son chearta mhuintir na Gaeltachta, agus an feachtas gearr, corraitheach a d’athraigh an Ghaeltacht ó bhun.
Cúlra an Leabhair
I 1969, tháinig dream óg le chéile i gConamara chun tabhairt faoi fheachtas a d’athródh todhchaí na Gaeltachta go deo. Spreagtha ag agóidíocht a bhí ag tarlú ar fud na cruinne, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta mar sheasamh in aghaidh an feall a bhí á dhéanamh ar phobal imeallaithe agus a dteanga.
Cad atá sa Leabhar?
Insíonn an leabhar seo scéal corraitheach na Gluaiseachta:
- Stáisiún raidió mídhleathach á bhunú
- Ionsaithe ar pholaiteoirí
- Seilbh ar fhoirgnimh rialtais
- Círéibeacha le Gardaí
- Feachtais toghchánaíochta agus máirseáil
Bhí an Ghluaiseacht go minic ar phríomhleathanaigh na nuachtán náisiúnta.
An Tionchar
As an agóidíocht seo, tháinig athruithe móra a chuaigh i bhfeidhm ar an Ghaeltacht, ina measc:
- Saolaíodh Raidió na Gaeltachta
- Bunaíodh Údarás na Gaeltachta
- Athraíodh féile an Oireachtais ó bhonn
- Cuireadh an síol do TG4
- Crochadh comharthaí bóthair i nGaeilge amháin sna Gaeltachtaí
- Spreagadh gníomhartha pobail trí chomharchumainn
An Scríbhneoir – Rónán Mac Con Iomaire
Is é An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta an tríú leabhar de chuid an scríbhneora, Rónán Mac Con Iomaire, ón gCeathrú Rua i gConamara.
- Gradam Scríbhneoir Nua na Bliana ag Gradaim Liteartha an Oireachtais as a chéad leabhar, Rocky Ros Muc (Cló Iar-Chonnacht, 2013).
- Beathaisnéis ar an dornálaí Seán Ó Mainnín
- Fadscannán faisnéise bunaithe air, fadliostáilte do na Academy Awards, an chéaduair ag clár fáisnéise i nGaeilge ar an liosta sin
- Foilsíodh The Man Who Was Never Knocked Down (Rowman & Littlefield) in 2018, leabhar a bhí fadliostáilte don gradam Irish Sports Book of the Year.
- Taithí fhada mar iriseoir ó thosaigh sé ag scríobh do Independent Newspapers sa mbliain 1995 agus é ina scríbhneoir i réimsí éagsúla eile, lena n-áirítear:
- Agallaimh bheirte
- Lúibíní
- Amhráin ghrinn do chomórtais Oireachtas na Gaeilge









