Pictúirleabhar ón tsraith Bímis ag caint faoi! | Clúdach bog
Cabhraíonn “An bhfuil Tusa Cúthail” le buachaillí agus cailíní a thuiscint nach gá go gcuirfeadh sé isteach ar do shaol a bheith cúthail. Is féidir smacht a fháil ar an gcúthaileacht. Is féidir foghlaim conas labhairt amach, fiú má éiríonn tú dearg san éadan agus tú á dhéanamh. Tabharfaidh an leabhar seo misneach do pháistí atá cúthail agus cabhróidh sé le páistí eile a bheith tuisceanach do dhaoine atá níos cúthaile ná iad féin.
Foilsithe den chéad uair © 2006 ag Gemser Publications | Leagan Gaeilge © 2010 Futa fata – an chéad chló
ISBN 9781906907099 | Leathanaigh 31