Úrscéal le gluais – Clúdach bog
Murach an dúil mhillteanach atá ag Brian sa sacar, tá gach seans nach bhféadfadh sé srian a choinneáil air féin ná ar a shaol. Imreoir sacair den scoth atá ann, rud atá tugtha faoi deara ag a thraenálaí, Des Cunnigham. Tá Des den tuairim go bhféadfadh Brian imirt le ceann de na clubanna móra i Sasana.
Cheana féin tá scabhtaí de chuid Man Utd ag léiriú spéise ann. Tá Imelda Ní Laoi, cailín álainn, i ngrá leis. De réir a chéile tosaíonn rudaí ag teacht le chéile do Bhrian. Tá ag éirí níos fearr leis ar scoil. Faigheann sé cuireadh dul i gcomhair trialacha go Man Utd.
Gan choinne, buailtear a athair go dona tinn le hailse. Tosaíonn saol Bhriain ag titim as a chéíle arís…
- An chéad chló 2003
- ISBN 6660012140336
- Leathanaigh 48