…eachtra a chuireann Agatán Sacs, Príomheagarthóir an Byköpings Post, agus bleachtaire den scoth, i ngleic le beirt choirpeach, Ochtapas P. Scott agus Julius Mosca… léigh faoin bhFéasta Mór nuair a thiteann na haíonna go léir ina gcodladh… léigh faoi Aint Máire Treasa, á cosaint féin le bioráin chniotála!
Is bleachtaire ar leith é Agatán Sacs.Cuireann sé spéis sa leid is lú faoin spéir le gur féidir leis na buachan ar na coirpigh is mó ar domhan. Uaireanta bíonn stró ar na póilíní coinneáil suas lena intinn ghéar ghlic! Bíonn obair Agatáin Sacs dúshlánach anois is arís (agus beagáinín dochreidte uaireanta) ach tá fíorthábhacht léi i gcónaí! Hóra, hóra!