95 Cluiche Drámaíochta do mhúinteoirí agus do dhaltaí

Lámhleabhar é 95 Cluiche Drámaíochta do mhúinteoirí agus do dhaltaí le Sinéad Ní Ghuidhir atá lán le cluichí agus straitéisí a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus leis an gcruthaitheacht.

20.00

Stoc ar fáil

Product ID: 57052 ISBN: 9781784442774 Catagóirí: , , , Clib:

95 Cluiche Drámaíochta – do mhúinteoirí agus do dhaltaí

le Sinéad Ní Ghuidhir

Lámhleabhar atá anseo lán le cluichí agus straitéisí a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus leis an gcruthaitheacht. Tá cinn ann a fheileann do ghrúpaí móra agus beaga, do dhaoine ná® bhuail lena chéile cheana agus do dhreamanna atá ag obair le chéile le fada.

Tá gníomhaíochtaí ann a spreagann fuinneamh sna rannpháirtithe, agus cinn eile a mheallann chun ciúnais iad. Tá cluichí ann ar mhaithe le spraoi agus cluichí a mhúsclaíonn machnamh agus smaointeoireacht.

95 Cluiche Drámaíochta do mhúinteoirí agus do dhaltaí

Oiriúnach don té atá i mbun ceardlanna drámaíochta. Is acmhainn d’áisitheoirí é, do stiúrthóirí agus do chinnirí i gclubanna óige agus i gclubanna spóirt.

Don mhúinteoir scoile, tugann sé stór straitéisí agus modheolaíochtaí le cruthaitheacht agus gníomhaíocht a chur sa teagasc agus sa bhfoghlaim. Is féidir leathnú ar aon cheann de na cluichí sa leabhar agus iad a chur in oiriúint d’aoiseanna difrúla agus d’ábhair dhifrúla.

  • Gníomhaíochtaí sa seomra ranga
  • Cruthaitheacht a spreagadh
  • Úsáideach i gceardlanna
  • Áisitheoirí oideachais
  • Ceannairí i gclubanna óige

Nóta ón scríbhneoir Sinéad Ní Ghuidhir ag déanamh cur síos ar an leabhar

Cuireadh an liosta seo le chéile ag tógáil ar mo thaithí féin. Tá blianta caite agam ag freastal ar cheardlanna, ag foghlaim le grúpaí éagsúla, ag eagrú ceardlanna agus ag obair le daoine óga agus le daoine fásta. Aithneoidh drámadóirí agus aisteoirí roinnt de na cluichí atá anseo. Is straitéisí iad atá fíorchomónta i measc an phobail drámaíochta.

Tá mo leagan féin curtha agam ar roinnt de na cluichí a d’fhoghlaim mé ar an aistear seo.

 

Meáchan305 g
Toisí19.8 × 22.5 cm

Seans gur spéis leat...