Léigh sliocht as an leabhar >>
Gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin 2017 Insint líofa léir atá in Éagóir: Maolra Seoighe agus dúnmharuithe Mhám Trasna ar eachtra staire atá greanta go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle. Dúnmharuithe barbartha i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882, a thionscain na himeachtaí uile. Níl críoch fós le hiarmhairtí an tsléachta sin agus ní bheidh fad a mhaireann daoine a chreideann go bhfuil admháil oifigiúil tuillte i gcónaí i gcás go n-aithnítear éagóir dhlíthiúil nó iomrall ceartais. Insint úrnua í seo ar iomlán an scéil le pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair. Tá maoiniú faighte ag comhlacht léiriúcháin ROSG chun scéal Éagóir a dhéanamh ina scannán do TG4, le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann: Murdair Mhám Trasna.Ríomhleabhar
Ar fáil i leagan ríomhleabhair don Kindle ar an nasc seo: Éagóir: Maolra Seoighe agus Dúnmharuithe Mhám Trasna