Ó Cheann Ceann na Bliana Nósanna an Fhéilire in Éirinn le Conchúr Mag Eacháin
Sa leabhar seo, déantar cur síos ar na nósanna a bhain le laethanta áirithe den bhliain, agus bailiúchán béaloidis a bhailigh páistí scoile in Éirinn i dtríochaidí na haoise seo caite (Bailiúchán na Scol) mar phríomhfhoinse sa tráchtaireacht sin.
Clúdaítear féilte agus pátrúin áitiúla mar aon le scéalta naomhsheanchais agus toibreacha beannaithe áirithe. Tá roinnt mhaith grianghraif de na toibreacha céanna ann fosta mar aon le léarscáileanna dáiliúcháin de na turais a dhéantaí ar na féilte móra.
Ó thaobh an bhéaloidis agus an traidisiúin de, tá saibhreas as cuimse le brath i nósanna an fhéilire Éireannaigh.
CONCHÚR MAG EACHÁIN
As Ard Mhacha ó dhúchas. BA, MA & PhD sa Ghaeilge agus sa Léann Cheilteach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Iar-Eagarthóir Taighde, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Eagarthóir Cúnta, Foclóir Stairiúil na Gaeilge, Acadamh Rioga na hÉireann. Príomhréimsí taighde ná ré na hAthbheochana, teangeolaíocht, foclóireacht na Gaeilge agus cúrsaí béaloidis.