Seoid chumadóireachta í seo. … Eachtraíocht shnasta ghonta i nGaeilge shaibhir shnoite. – Foinse
Reacaireacht shnoite fhileata atá sa nóibhille seo ina dtéann an file Ciarraíoch, Piaras Feiritéar, i gcabhair ar bhean óg i Sasana, Máiréad Ruiséal, bean a raibh cion aige uirthi tráth. Is pearsana stairiúla iad Piaras Feiritéar, Ruiséal, na huaisle Gallda agus Iarla Chill Dara – cumadóireacht atá san eachtra.