Echoing (CD)

Ar an albam Echoing cuireann Colm Ó Foghlú agus meitheal aoi-amhránaithe agus ceoltóirí amhránaíocht ar an sean-nós i láthair ar bhealach nuálach. Coinnítear croí na n-amhrán agus spiorad na h-amhránaíochta slán agus cuirtear tionlacan eile mórthimpeall orthu.

10.00

Stoc ar fáil

Amhránaíocht ar an sean-nós arna cóiriú go tuisceanach, samhlaíoch, spreagúil ag an chumadóir / stiúrthóir óg, Colm Ó Foghlú. Tá curaidh mhóra an tsean-nóis le cloisteáil ann – Lillis Ó Laoire, Máiréad Ní Oistín agus Brian Ó Domhnaill. Cloister cór óg Scoil Oilibhéir agus scoth na gceoltóirí traidisiúnta agus clasaiceacha freisin.

Is minic go bhfágtar traidisiún amhránaíochta ar an sean-nós go leataobh nuair atáthar ag déanamh athbhreithniú ar thraidisiún ceoil na hÉireann. Ní aon iontas é sin ar bhealach, mar go dtagann amhránaíocht ar an sean-nós amach ón gcroí agus ón spiorad. Tá sé deacair spiorad an tsean-nóis a choinneáil agus gnéithe eile ceoil agus léirithe a chur leis.

Seo é an dúshlán a chur Colm Ó Foghlú roimhe ar an albam seo agus é ag iarraidh spiorad an amhráin a choinneáil slán ar bhealach nuálach.

Is éard a rinne sé ná gur thaifead sé na hamhráin ar fad ar dtús gan aon léiriú déanta orthu. Ina dhiaidh sin chuir sé gnéithe ceoil eile in éineacht leis na hamhráin. Tharraing sé ar thraidisiúin cheoil na hAfraice, na Spáinne agus na hIndia agus na hamhráin á gcóiriú aige. Cruthaíonn sé fuaim nua comhaimseartha agus é fréamhaithe go láidir i dtraidisiún an tsean-nóis.

Meáchan 75 g