Pride of the West

10.00

Stoc ar fáil

Tá an-mheas i dtraidisiún an cheoil Ghaelaigh ar an gcónascadh idir feadóg mhór agusfidil agus tá traidisiún seanbhunaithe i dtuaisceart Chonnacht den chónascadh úd, agus tá a thionchar, chomh maith le ceangal na gceoltóirí le Ros Comáin, le sonrú go smior ar Pride of the West mar a gcloistear an chorraitheacht, an teannas agus an suaimhneas is dual don dá uirlis uasail seo. Is as traidisiún ceoil Shligigh – Ros Comáin is mó a thagann an ceol ar an albam, agus tá leaganacha neamhghnácha áitiúla de na foinn le cloisteáil chomh maith le roinnt fonn nuachumtha. Tá tionlacan tuisceanach á thairiscint ag Paddy McEvoy, mac le John McEvoy, ar an bpianó agus ag Arty McGlynn ar an ngiotár.

Is stíl thuaisceart Chonnacht atá ag Wynne agus ag McEvoy agus is ceoltóirí aitheanta iad beirt. Is as Ros Comáin do John Wynne agus tá suim faoi leith aige i gceol Shligigh, Ros Comáin agus Liatroma. Bhí sé ina bhall den ghrúpa Providence tráth agus thaifead sé dhá albam leo, Providence agus A Fig for a Kiss. D’eisigh sé a chéad albam aonair, With Every Breath, sa bhliain 2000 agus bhí sé ina léiritheoir agus ina cheoltóir ar an albam The Flute Players of Roscommon, Volume 1 a eisíodh le déanaí. Is i mBirmingam Shasana a tógadh John McEvoy agus b’as Ros Comáin dá thuismitheoirí. Thaifead sé an t-albam Bakerswell sna hochtóidí leis an ngrúpa den ainm céanna. Eisíodh albam aonair leis, Returning, i 1998 agus thaifead sé The Kilmore Fancy lena dheirfiúr Catherine McEvoy, fliúiteadóir, i 2004.

Meáchan 75 g