Is saothar tarraingteach ceithre thraic déag é Ar Nós na Gaoithe/Like the Wind a léiríonn beachtas, géarchúis agus cumas iontach. Ós rud é go bhfuil sé naoi mbliana ó d’eisigh sé a albam aonair deireanach, With Every Breath, cheap John Wynne go raibh gá le halbam nua chun an éagsúlacht agus an téagar nua a mhothaíonn sé ina chuid ceoil a léiriú. Chomh maith le bailiúchán tiúineanna cáiliúla seisiúin a d’fhoghlaim John ó cheoltóirí éagsúla le blianta anuas, tá saothair nua ó fhidléirí mar Tommy Peoples, Ed Reavy, Martin McGinley agus Liz Knowles le fáil ar an albam.
Mar a deir an fliúiteadóir Conal Ó Gráda sna nótaí: ‘Agus an fhliúit á seinm, cruthaíonn an nasc bunúsach idir an ceol agus an anáil teannas dinimiciúil ann féin … Tá sé d’acmhainn ag John aer a análú tríd an bhfliúit le sárscil … seolfaidh an ghaoth cheolmhar seo i dtreo na bhflaitheas tú!