Draíocht na Feadóige (CD)

15.01

Stoc ar fáil

Is as Cor na Rón, Indreabhán, do Neansaí Ní Choisdealbha ó dhúchas, baile beag a raibh cáil an cheoil air i gcónaí. Fuair sí ugach agus spreagadh ar dtús dul i mbun an cheoil ar leic an teallaigh sa mbaile lena h’athair, Michael Mheáirt, agus lena máthair, Bairbre Joe Staff Seoighe, as an gCnoc, Leitir Mealláin ó dhúchas.

Bhí an-ghealladh ceoil le brath ar Neansaí ó bhí sí an-óg agus ní raibh sí riamh chomh cruógach á shaothrú is atá sí i láthair na huaire agus ó ceapadh í mar Eagraí Ceoil RTÉ Raidió na Gaeltachta in earrach na bliana 2010. Bhí a cuid buanna craoltóireachta sa gceol triailte go maith le blianta agus cáil saothraithe aici ag láithriú agus ag léiriú an chláir bheo dhá uair an chloig maidin Domhnaigh.

“This is a great record, an example of the best that traditional Irish music has to offer, and the first to come from the steady hands of Neansaí Ní Choisdealbha”
Meaití Jó Shéamuis

“Easily one of the best CDs of Irish music I have ever heard. Lovely Connemara touches to old tunes, rhythm to die for and 21 tracks . Well done, Neansaí, and of course Michael Hynes on it is no bad thing either. Beautiful presentation and great music. I love it!”
Oliver O’Connell

Meáchan 75 g