Ceol Sidhe. CICD 186

10.00

Stoc ar fáil

Ceol an domhain eile á sheinm ag fíorealaíontóirí traidisiúnta.

Tá an t-éacht suntasach seo le Micheál Ó hEidhin agus a dhá chomhghleacaí chumasacha, Charlie Lennon agus Steve Cooney, i dtraidisiún an Cheoil Sidhe. Tá cumhacht sa cheol seo a dhéanann teagmháil leis an anam.

Baineann seo ar bhealach le réimse agus éagsúlacht an cheoil ach go príomha le spiorad agus stíl an léirithe. Tá an stíl séimh, suaimhneach, gan aon ródhícheall ag baint leis – comhartha sóirt an fhíorealaíontóra.

Nuair a thugadh an Slua Sidhe cuireadh don duine daonna chun an tSaoil Eile, nochtaí géag crainn úll, lán le fuílleach h-úlla órga, agus chluintí dord na gclog nuair a chraití an ghéag chéanna. Nuair a leanadh an Slua Sidhe ag craitheadh na géige seo, mheallaidís leo an duine daonna. Bhí cumhacht in áilleacht an cheoil faitíos a chur ar ceal, duine a mhealladh chun suain, fiú tinneas agus créachtaí a chneasú.

Meáchan 75 g