An Tower Traditional Irish Music on Accordion and Flute

10.00

Stoc ar fáil

Ceol traidisiúnta ar an mbosca ceoil agus ar an bhfeadóg mhór le Tommy Mellett agus Neansaí Ní Choisdealbha. Tá CD san áireamh sa táirge seo agus leabhrán eolais i mBéarla agus i nGaeilge agus cur síos déanta ann ar na foinn atá le cloisteáil ar an albam. Tá fiche traic ar an albam seo, ríleanna, poirt, cornphíopaí agus válsanna san áireamh iontu. Tá grianghrafanna áille sa leabhrán a thagann leis an albam seo, agus iad tógtha ag Seán Ó Mainnín ar Tower Chamais agus in aice leis an saothar ealaíne nua atá in airde ar an tower.
Sliocht as nóta scríofa ag Meaití Jó Shéamais Ó Fátharta sa leabhrán

I dtús ochtóidí na haoise seo caite a chuir mé aithne bheag i dtosach ar Thomás Ó Méalóid (nó Tommy Mellett) as an gClaí Nua i gCamas Uachtair. Bhí sé fhéin is a bhean Josie agus a gclann óg i ndiaidh aistriú anall as Massachusetts Mheiriceá. Is le gairid a mhínigh sé dhom nárbh é an oiread sin ceoil a bhíodh sé a chasadh thall, aisteach go leor, cé gur shíl mise agus tuilleadl iom nár mhinic leis an cairdín a lligean as a lámha ar chor ar bith chúns ar deoraíocht thall dhó!

Ina dhiaidh sin, ba ag ócáidí áitiúla siamsaíochta is minicí linn bualadh lena chéile, áiteacha ar nós Tigh Hughes ar an Spidéal agus ionaid go leor eile thimpeall Chonamara agus níos faide ó bhaile. 

Go deimhin is aoibhinn liom nós meidhreach seinme Tommy Uí Mhéalóid ar an Serenellini dhá shraith. Is stíl fhíorshultmhar chroíúil atá aige ina léirítear a shultmhar chroíúil atá aige ina léirítear a chuid domhaintuisceana ar cheol a thíre is a dhúchais. Is mór an t-údar ríméid is gaisce dhó a chéad dlúthcheirnín a bheith críochnaithe aige. Is ceol fuinniúil, lán le hanam agus le héagsúlacht, atá sa taifeadadh seo uaidh fhéin, a mhac is a ghariníon agus a chairde. Is mór an áilleacht gach a bhfuil ar an gcéad dlúthcheirnín seo ó Tommy mar is fada é ag cnuasach is ar thóir fhíorscoth an stóir mhóir de dhúchas an cheoil Ghaelaigh dár thug sé cion a chroí ó tháinig ann dhó. 

Liosta Traiceanna

1. Reels: Boil the Breakfast Early / The Berehaven

2. Jigs: Geese in the Bog / Up Sligo! / The Old Geese in the Bog 

3. Hornpipes: The Bantry / Flaherty’s 

4. Slip Jigs: Kitty, Come Down to Limerick / Patsy Geary’s 

5. Reels: Bolton Street / Palmer’s Gate 

6: Barndances: Dances at Kinvara / The Chaffpool Post 

7. Marches: The Battle of Geashill / The Pride of Erin 

8: Jigs: the Yellow Wattle / The Shoemaker’s Last 

9: Reels: The Traveller / Billy Brocker’s 

10: Slip Jigs: Dever the Dancer / Give Us a Drink of Water / A Fig for a Kiss 

11: Hornpipes: The Killeigh Hornpipes / The Good-Natured Man 

12: Reels: The Whistler of Roslea / The Shoemaker’s Daughter / Richard Dwyer’s 

13: Jigs: The Boys of Coomanore / Farewell to Ballinahulla / Billy McCormack’s (Paddy Cronin’s)

14: Slow Air: Peaceful Claddaghduff

15: Waltzes: The Jolly Man / The Blue Beetle

16: Hornpipes: McGivney’s / The Birds’

17: Reels: Lillies in the Field / The Ballina Lass

18: Jigs: Fraher’s / Helvick Head 

19: Barndances: If There Weren’t Any Women in the World / Hill of Tara

20: Reels: The Mountain Top / Providence 

Meáchan 75 g