An Mhaighdean Mhara

15.01

Stoc ar fáil

Amhráin ar an sean-nós le Noeleen Ní Cholla

Albaim d’amhráin ar an sean-nós i nGaeilge, i mBéarla agus i nGaeilge na Alban chomh maith le hamhrán nua-chumtha le Noeleen Ní Chollaí. Tá Noeleen Ní Cholla ar dhuine den dream i nGaoth Dobhair atá ag coinneáil traidisiún na hamhránaíochta beo beathach don chéad ghlúin eile atá ag éirí aníos. Canann sí rogha amhrán ón dtraidisiún Gaelach, amhráin ón dtraidisiún Béarla agus go deimhin amhráin den traidisiún Gaidhlig na hAlban.

Tá tréith an cheoil go smior inti agus tá glór dúchasach, láidir aici agus is léir go gcuireann sí a croí is a hanam isteach sna hamhráin. Gheofar amhráin neamhghnácha anseo freisin. Ina measc tá ‘Dónall Ó Maoláine’ nó leagan Thoraí de ‘Dónall Óg’, ‘Bean an Fhir Ruaidh’ ‘Cailín Deas Cnúite na mBó’, ‘Nuair a Bhí Mise Óg’ agus ‘An Spealadóir’.

Is é Manus Lunny a léirigh an t-albam seo agus tá sé eisithe ar lipéad Chló Iar-Chonnacht. Tá trí amhrán déag ar fad ann agus iad á gcanadh ar an sean-nós agus le brí agus croí iontu. Cuireann Noeleen a lorg féin ar na hamhráin agus tá ceoltóirí le cloisteáil á tionlacan ar chuid mhaith de na traiceanna agus bíonn daoine eile ag canadh léi chomh maith ar chuid de na hamhráin. Cloistear an ceol Gaelach agus an glór in éindí ar an albam seo.

Mar a bhíonn ag mórán gach albam de cheol traidisiúnta ó Chló Iar-Chonnacht tá leabhrán breá san áireamh leis an dlúthdhiosca ina bhfuil nótaí ar na hamhráin ar fad atá le cloisteáil ar an albam. Tá na focail ar na hamhráin ar fad tugtha sa leabhrán agus tá nótaí pearsanta le Noeleen ina ndéanann sí cur síos ar an scéal a bhaineann le gach amhrán. Déanann an leabhar nótaí cur síos freisin ar stair na namhrán agus insíonn Noelenn faoin mbealach gur tháinig sí ar na hamhráin agus cén fáth gur roghnaigh sí é. Tá scéalta óna saol féin agus tábhacht an sean-nóis ina saol féin.

Is iomaí gradam atá buaite ag Noeleen ar a cuid amhránaíochta agus tá a lorg sin ar an albam seo. Bhuaigh sí an chéad áit sa gcomórtas amhránaíochta traidisiúnta ag an bhFéile Phan Ceilteach i gCeatharlach sa bhliain 2012 agus tá duaiseann buaite aici sa Bhreatain Bheag ag an International Eisteddford in Llangollen sna blianta 2007, 2008 agus 2009. Rinne sí ionadaíocht ar mhuintir na hÉireann ag an bhféile Festival Interceltique in Lorient sa mBriotáin in 2001, 2012 agus 2013.

Albam speisialta den amhránaíocht ar an sean-nós a thugann gnéithe nua leis agus a bhfuil an traidisiún ina chroí.

Meáchan 75 g