…Fluid, inspired playing
– Sing Out!
Ceol den scoth ó dhuine eile de mhuintir cheolmhar Uí Iarnáin as Carna i gConamara. Cuirfidh an ceol feadóige seo ceo ar na cluasa, é croíúil tuisceanach agus chomh soiléir le grian an mheán lae. Tá cúpla rian ceoil anseo freisin leis an sárbhoscadóir Conamarach úd, Johnny Connolly, agus dhá amhrán ar an sean-nós ó dhuine de mháistrí móra Charna, Peadar Ó Ceannabháin.
Deirtear go mbriseann an dúchas trí shúile an chait, ach i dtaca leis an gceol ní briseadh ach pléascadh a bhíonn ann i gcás teaghlaigh áirithe.
Traiceanna
- Ríleanna: Leaid Beirn / An tÉan ar an gCraobh
- Poirt: Cuir dillait ar an gCapaillín / Cailleadh an Airgid
- Fonn Mall: Caisleán an Óir
- Ríleanna: Na Bruacha Caonaigh B / Ríl Phil Cunningham
- Amhrán: Tógfaidh mé mo sheolta
- Damhsaí sciobóil: Gan Ainm / Damhsa Sciobóil Sheáin Hernon
- Poirt: An Gearrchaile ar an bPlásóg / Wallop the Spot
- Jigs: The Maid on the Green
- Ríleanna: Ríl Uí Dhuibhuir / Billy Bocker
- Poirt: Drumadóirí Uí Dhúlainne / Máirseáil an Bhúistéara
- Máirseáil & Port: The Star of the County Down
- Cornphíopa: Na Bruacha Grianmhara / Rogha bhean Uí Ghealbháin
- Poirt: Port Mhic Chrábhagáin / Aisghairm na hAontachta
- Amhrán: A Neainsín Bhán
- Poirt: Bláthach na Mumhan / Port na hOidhreachta
- Ríl: Bóthar an tSléibhe