Sean-Nós Cois Locha

10.00

Stoc ar fáil

Sa bhliain 2003 bhunaigh Brían Ó hAirt agus John Gleeson Sean-Nós Milwaukee, féile bhliantúil amhránaíochta ar an sean-nós a reáchtáiltear san earrach i Milwaukee. Is éard atá ar Sean-Nós Cois Locha taifeadtaí d’amhránaithe i mbun a gceirde ag ceolchoirmeacha i rith na féile idir na blianta 2003-2005.

Is iad na hamhránaithe ar an dlúthdhiosca: Virginia Stevens, ó California; Síle Shigley, a tógadh i Hong Kong; Kathy Cowan, ó Chicago; Navan, grúpa ó Madison, Wisconsin; Moire Smiley, ó Vermont; Brían Ó hAirt, ó Saint Louis, Missouri; Julie Henigan ó dheisceart Missouri; Jimmy Crowley, ó Chorcaigh; Máirín Uí Chéide ó Leitir Móir, Conamara; Bridget Fitzgerald agus Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta ón Lochán Beag, Conamara; Seosaimhín Nic Rabhartaigh ó Thír Chonaill; Lillis Ó Laoire ó Ghort an Choirce, Co. Dhún na nGall, agus Áine Uí Mhuineacháin, nó Nan Chamais mar is fearr aithne uirthi, ó Chinn Mhara, Conamara.

Meáchan 75 g